Formulario de búsqueda

Geineasas 3

An Titim

1Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?” 2Dúirt an bhean leis an nathair nimhe: “Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: 3ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.” 4Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: “Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! 5Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n‑osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.” 6Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é. 7Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d'fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.

8Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín. 9Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis. 10D'fhreagair sé: “Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.” 11“Cé dúirt leat,” ar seisean, “go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d'aithin mé duit gan ithe de?” 12“An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d'ith mé é.” 13Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: “Cad é seo atá déanta agat?” D'fhreagair an bhean: “Mheall an nathair mé agus d'ith mé.”

14Dúirt an Tiarna Dia leis an nathair:

“De bhrí go ndearna tú an rud seo

go raibh mallacht ort thar an eallach go léir,

thar na hainmhithe allta go léir;

beidh tú ag sní ar do bholg

agus ag ithe cré,

gach lá de do shaol.

15Cuirfidh mé naimhdeas

idir tú agus an bhean,

idir do shíolsa agus a síolsa.

Brúfaidh sé do cheann

agus brúfaidh tusa a sháil.”

16Dúirt sé leis an mbean:

“Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne.

Béarfaidh tú clann agus tinneas ort.

Beidh mian chun do chéile ort

ach beidh sé i gceannas ort.”

17Dúirt sé leis an bhfear:

“De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna,

agus gur ith tú de thoradh an chrainn

ar aithin mé duit gan a ithe:

Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn.

Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de,

gach lá de do shaol.

18Sceacha agus feochadáin a thabharfaidh sé duit,

agus íosfaidh tú luibheanna an bháin.

19Le hallas do ghrua

is ea a íosfaidh tú do chuid aráin

go bhfillfidh tú ar an talamh

mar is as a tháinig tú.

Óir is luaithreach thú,

agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”

20Thug an fear Éabha ar a bhean mar gurb í máthair na mbeo go léir í. 21Rinne an Tiarna Dia éadaí as seithí don fhear agus dá bhean agus chuir siad orthu féin iad.

22Ansin dúirt an Tiarna Dia: “Féach! Tá an duine arna dhéanamh cosúil linn féin leis an bhfios maitheasa agus oilc atá aige. Le heagla go sínfeadh sé a lámh chomh maith agus toradh a stoitheadh de chrann na beatha, agus é a ithe agus maireachtáil go deo” - 23Uime sin dhíbir an Tiarna Dia as gairdín Éidin é chun an talamh as ar tógadh é a shaothrú. 24Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.

An Bíobla Naofa

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

More Info | Version Index